Abhaile arís

Freagra

Bhí mé ag ithe mo dhinnéar ar an Déardaoin.

Ansin, chuala mé ‘miaow’. Bhí Cleo ag an bhfuinneog!

D’oscail mé an doras agus rith sí isteach.

Bhí áthas orm. Tháinig sí abhaile!

Rith sí isteach sa chistin.

Bhí ocras uirthi. Thug mé bia di.

Tháinig Fez, an madra, isteach freisin.

Bhí áthas air freisin. Bhí Cleo abhaile arís.

Advertisements

Cat caillte

Freagra

Seo í Cleo. Tá sí trí bliana d’aois.

Tháining cúpla madra ar an Domhnach.

Bhí eagla ar Chleo. Rith sí suas crann.

Tar éis tamaill bhí sí imithe.

Níor tháinig sí abhaile fós.

Cá bhfuil sí?  Tá brón orm anois.

Bláthanna ar an sliabh

Freagra

Tá na dathanna glas, buí agus bán ar an sliabh anois.

Is breá liom an sliabh mar seo.

Tá gach rud ag fás. Tá na h-éin ag canadh.

Tá na beacha agus na féileacáin ag eitilt ó bhláth go bláth.

Cén séasúr atá ann?

Na ba sa pháirc

1 Fhreagra Amháin

Stop mé an carr. Bhí mé ag féachaint ar na ba.

Ansin, stop na ba ag ithe. Thosaigh siad ag féachaint orm!

Is maith leo an fhéar milis sa pháirc.

Agus is maith leo bheith sa fótograf!

Cé mhéad bó atá ann? Cén bó is fearr leat?

Asail agus an láib

1 Fhreagra Amháin

Seo iad Pippí agus Búbú. Tá Búbú ag rollach sa láib tirim.

Is maith leo rollach sa láib sa Samhradh.

Bíonn alán cuileoga ag eitilt timpeall na n-asal sa Samhradh.

Ní maith le na cuileoga an láib agus an smúit.

Tá Pippí agus Búbú sásta anois- tá na cuileoga imithe!

Grian ag dul faoi

Freagra

Tá an ghrian ag dul faoi. Is aoibheann liom an ghrian sa phictiúr seo. Féach ar na dathanna sa spéir (de bharr bolcán na hIoslainne).

Tá an ghrian beagnach imithe sa phictiúr seo. Is maith liom na dathanna álainne ar na scamaill. Cén pictiúr is fearr leat?

Tine mór

Freagra

Bhí tine mór ar an sliabh. Ní raibh aon báistí agus bhí an talamh tirim.

Rith an tine go tapa timpeall an phortaigh. Bhí gach rud dóite.

Ach, féach. Tá cosán glas ann. Cén fáth?

Féach ar na sceacha freisin. An bhfuil siad dóite?