Fáinleog

Freagra

Rinne fáinleog nead i mo phóirse. Bhí sí ag obair le trí lá.

Tá cleití bána sa nead. Tá uibheacha ann freisin.

Bíonn sí ina suí ar an nead gach lá agus gach oíche.

Bíonn Fez, an madra, sa phóirse freisin, ach níl eagla uirthi.

Beidh éiníní ann lá éigin-cuirfidh mé fótagraf dóibh ar an mblag.

An frog agus na sméara

Freagra

Bhí mé ag piocadh sméara sa ghairdín inné.

Ansin, chonaic mé an frog seo ag féachaint ar na sméara.

An raibh ocras air? Ar mhaith leis sméara?

Níl a fhios agam!

Glasraí ag fás – 2

Freagra

Teastaíonn JavaScript ón taispeántas sleamhnán seo.

Seo iad na glasraí ag fás sa ghairdín.

Tá siad níos mó anois. Bhí an aimsir go deas.

Is féidir liom na sú talúin (ní glasra e!) agus an leitís a ithe anois.

Níl na prátaí, na pónaire, na h-oiniúin nó na glasraí eile réidh.

Cén glasra is fearr leat?

Ag baint an fhéir

Freagra

Lá grianmhar a bhí ann.

Chonaic mé an feirmeoir ag obair. Bhí sé ag baint an fhéir.

Bhí tarracóir eile ag obair sa pháirc freisin.

Is maith leis an bhfeirmeoir aimsir tirim grianmhar i mí Meitheamh.

(An bhfuil a fhios agat cén fáth?)

Tá an feirm seo sa Bhoireann, i gContae an Chláir.