An cat agus an luch

Freagra

Cé leis an cos bán sin?

Is le cat é. Sin Cleo , mo chat.

D’oscail mé an doras ar maidin.

Chonaic mé Cleo ag súgradh le luch.

Bhí eagla ar an luch. Thosaigh sé ag caoineadh.

Phioc mé Cleo suas. Chuir mé isteach sa gharáiste í.

Ansin, rith an luch abhaile.

( Bhí fearg ar Chleo!)

Advertisements

Úlla deasa dearga

Freagra

Mí Meán Fómhair atá ann.

Tá sé in am úlla a ithe!

Féach ar na húlla ar an gcrann. Cén dath atá orthu?

Tá na húlla seo beag agus milis.

An maith leat úlla?

Prátaí deasa dearga

Freagra

Bhí mé ag obair sa ghairdín ar an Domhnach.

Tá alán bia ag fás sa ghairdín. Bhí na prátaí réidh.

Thóg mé na prátaí isteach sa teach.

Chuir mé na prátaí isteach i mála mór.

Is maith liom prátaí le him -mmmmmmmmmmmmmmmm!!!

Anois, is féidir liom prátaí a ithe gach lá.

An maith leat prátaí?

Sméara dubha

Freagra

Tá an Fómhar anseo. Mí Meán Fómhair atá ann.

Phioc mé alán sméara dubha inné.

Níor phioc mé na sméara dearga! Níl siad go deas.

Rinne mé subh. Chuir mé an subh dhubh ar mo thósta ar maidin.

Mmmmmmmm- blasta!!

Ar phioc tú sméara dubha fós?