Romeo, Búbú, Pipí agus Seánaí sa sneachta

D’fhéach mé amach an fhuinneog maidin inné.

Cad a bhí ar an talamh? SNEACHTA!!!

Is breá liom an sneachta.

Chuaigh mé síos go dtí an páirc. Bhí na hasail ag fanacht ag an ngeata.

Ní maith leo an sneachta. Ní féidir leo an féar a ithe.

Thug mé bia dóibh. Bhí ocras orthu!

Thosaigh Seánaí agus Romeo ag troid. Thug Seánaí cic do Romeo.

Tar éis tamaill, fuair gach asal an bia.