Tá na fáinleoga ar ais arís!

Freagra

Tá na fáinleoga ar ais arís!

Chonaic mé an chéad fáinleog ar maidin. Tháinig sé ón Aifric Theas, turas de 9500km.

Bhí sé ag eitilt timpeall na háite ag lorg áit deas do nead.

Anois, tá a fhios againn go bhfuil an tsamhradh ag teacht.

Na gabhair

Freagraí: 2

Bhí mé ag siúl ar an sliabh ar an Domhnach.

Bhí boladh láidir san aer. Chas mé ar dheis agus seo cad a chonaic mé – gabhair fiáine!

Bhí adharca fada ar gach gabhar.

Thosaigh siad ag rith- bhí an boladh go h-uafásach!!!

Tar éis tamaill, rith siad isteach sa choill.

Agus ní fhaca mé arís iad…….

Nollaig Shona

Freagra

Nollaig Shona dhaoibh!

Tá an sneachta ar ais arís.

B’fhéidir go mbeidh Nollaig bán againn!

Crann Nollag

Freagra

Mí na Nollag atá ann.

Chonaic mé an crann álainn seo sa choill.

Is maith liom an sneachta air.

Níor cheannaigh mé crann Nollag fós. Ar cheannaigh do chlann an crann Nollag fós?

Cén dáta a chuireann tú suas é?

An Fómhar

Freagra

Bláthanna ar an sliabh

Freagra

Tá na dathanna glas, buí agus bán ar an sliabh anois.

Is breá liom an sliabh mar seo.

Tá gach rud ag fás. Tá na h-éin ag canadh.

Tá na beacha agus na féileacáin ag eitilt ó bhláth go bláth.

Cén séasúr atá ann?

Grian ag dul faoi

Freagra

Tá an ghrian ag dul faoi. Is aoibheann liom an ghrian sa phictiúr seo. Féach ar na dathanna sa spéir (de bharr bolcán na hIoslainne).

Tá an ghrian beagnach imithe sa phictiúr seo. Is maith liom na dathanna álainne ar na scamaill. Cén pictiúr is fearr leat?

Older Entries