An tarbh is fearr

Freagra

tarbh is fearr

Bhí mé  ag Taispeántas Chontae an Chláir ar an Domhnach.

Lá breá grianmhar a bhí ann. Bhí alán daoine ann.

Bhí alán ainmhithe ann freisin.

Chonaic mé an tarbh mór donn seo.

Fuair sé an chéad duais.

Bhí sé ag búiríl; ‘ IS MISE AN TARBH IS FEARR!!’

Advertisements

Ag baint an fhéir

Freagra

Lá grianmhar a bhí ann.

Chonaic mé an feirmeoir ag obair. Bhí sé ag baint an fhéir.

Bhí tarracóir eile ag obair sa pháirc freisin.

Is maith leis an bhfeirmeoir aimsir tirim grianmhar i mí Meitheamh.

(An bhfuil a fhios agat cén fáth?)

Tá an feirm seo sa Bhoireann, i gContae an Chláir.

Na ba sa pháirc

1 Fhreagra Amháin

Stop mé an carr. Bhí mé ag féachaint ar na ba.

Ansin, stop na ba ag ithe. Thosaigh siad ag féachaint orm!

Is maith leo an fhéar milis sa pháirc.

Agus is maith leo bheith sa fótograf!

Cé mhéad bó atá ann? Cén bó is fearr leat?