Beacáin

Freagra

Mí Deireadh Fómhair atá ann. Tá beacáin ag fás faoin dtuath.

Chonaic mé na beacáin móra seo in aice leis an mbóthar.

Thóg mé abhaile iad.

Bhí ceist agam.  ‘An féidir liom na beacáin seo a ithe?’

An fhreagra: ‘Ní féidir na beacáin sin a ithe.’

Níor ith an cat na beacáin. Ní maith leí beacáin!

An maith leat beacáin?

Advertisements

Úlla deasa dearga

Freagra

Mí Meán Fómhair atá ann.

Tá sé in am úlla a ithe!

Féach ar na húlla ar an gcrann. Cén dath atá orthu?

Tá na húlla seo beag agus milis.

An maith leat úlla?

Prátaí deasa dearga

Freagra

Bhí mé ag obair sa ghairdín ar an Domhnach.

Tá alán bia ag fás sa ghairdín. Bhí na prátaí réidh.

Thóg mé na prátaí isteach sa teach.

Chuir mé na prátaí isteach i mála mór.

Is maith liom prátaí le him -mmmmmmmmmmmmmmmm!!!

Anois, is féidir liom prátaí a ithe gach lá.

An maith leat prátaí?

Sméara dubha

Freagra

Tá an Fómhar anseo. Mí Meán Fómhair atá ann.

Phioc mé alán sméara dubha inné.

Níor phioc mé na sméara dearga! Níl siad go deas.

Rinne mé subh. Chuir mé an subh dhubh ar mo thósta ar maidin.

Mmmmmmmm- blasta!!

Ar phioc tú sméara dubha fós?

Cabáiste bocht!

Freagra

Féach ar mo chabáiste bocht!

Tá ocras ar na seilidí. Tá siad ag ithe an chabáiste.

Ba mhaith liomsa mo chabáiste a ithe!

Is féidir leis na seilidí plandaí eile a ithe.


Ach is fearr leo mo chabáiste………..


Chonaic mé na cabáistí deasa seo ag Taispeántas Chontae an Chláir.

Níor ith na seilidí na cabáistí sin! Bhí na cabáisti seo an-mhór, chomh mór le liathróid. Fuair siad an chéad(1ú) agus an dara(2ú) duais.

An frog agus na sméara

Freagra

Bhí mé ag piocadh sméara sa ghairdín inné.

Ansin, chonaic mé an frog seo ag féachaint ar na sméara.

An raibh ocras air? Ar mhaith leis sméara?

Níl a fhios agam!

Glasraí ag fás – 2

Freagra

Teastaíonn JavaScript ón taispeántas sleamhnán seo.

Seo iad na glasraí ag fás sa ghairdín.

Tá siad níos mó anois. Bhí an aimsir go deas.

Is féidir liom na sú talúin (ní glasra e!) agus an leitís a ithe anois.

Níl na prátaí, na pónaire, na h-oiniúin nó na glasraí eile réidh.

Cén glasra is fearr leat?

Older Entries