Cúig sa nead

Freagra

Chuaigh mé amach an doras aréir.

Bhí cúig fháinleog sa nead.

Tá siad mór anois! Níl alán spás sa nead.

Tá mamaí sa nead freisin.Féach- tá eireaball fada uirthi.

Advertisements

Fáinleog ag titim

Freagra

Bhí mé ag ól cupáin tae ar maidin. Ansin, chuala me WHAM!! ag an bhfuinneog.

Chonaic mé fáinleog ag titim ar an talamh.

Rith mé amach an doras. Bhí Cleo, an cat, sa ghairdín.

Chuir mé Cleo isteach sa teach.

Bhí an fáinleog ina luí ar an talamh. Ní raibh sí marbh.

Bhí a súile ar oscailt. Bhí sí an-chiúin.

Tar éis tamaill, d’eitil sí suas san aer.

Bhí áthas orm!!

Fáinleog

Freagra

Rinne fáinleog nead i mo phóirse. Bhí sí ag obair le trí lá.

Tá cleití bána sa nead. Tá uibheacha ann freisin.

Bíonn sí ina suí ar an nead gach lá agus gach oíche.

Bíonn Fez, an madra, sa phóirse freisin, ach níl eagla uirthi.

Beidh éiníní ann lá éigin-cuirfidh mé fótagraf dóibh ar an mblag.

Féileacán

Freagra

Tá an Samhradh anseo. Lá grianmhar a bhí ann inniú.

Chonaic mé feileacán ag eitilt sa ghairdín.

Bhí sí ag eitilt ó bhláth go bláth.

An bhfaca tú feileacán fós? Cá raibh sí?