Asail sa sneachta

Freagra

Romeo, Búbú, Pipí agus Seánaí sa sneachta

D’fhéach mé amach an fhuinneog maidin inné.

Cad a bhí ar an talamh? SNEACHTA!!!

Is breá liom an sneachta.

Chuaigh mé síos go dtí an páirc. Bhí na hasail ag fanacht ag an ngeata.

Ní maith leo an sneachta. Ní féidir leo an féar a ithe.

Thug mé bia dóibh. Bhí ocras orthu!

Thosaigh Seánaí agus Romeo ag troid. Thug Seánaí cic do Romeo.

Tar éis tamaill, fuair gach asal an bia.

An Fómhar

Freagra

Asail sa cheo

Freagra

 

maidin ceomhar

maidin ceomhar i mí Deireadh Fómhair

 

Maidin ceomhar a bhí ann. Is maith liom an ceo.

Chuaigh mé amach ag siúl. Bhí na hasail sa pháirc.

Bhí siad ag ithe. Cé mhéad asal sa fótógraf?

Tar éis tamaill, tháinig an ghrian amach.

D’imigh an ceo.

Lá grianmhar a bhí ann ansin!

Beacáin

Freagra

Mí Deireadh Fómhair atá ann. Tá beacáin ag fás faoin dtuath.

Chonaic mé na beacáin móra seo in aice leis an mbóthar.

Thóg mé abhaile iad.

Bhí ceist agam.  ‘An féidir liom na beacáin seo a ithe?’

An fhreagra: ‘Ní féidir na beacáin sin a ithe.’

Níor ith an cat na beacáin. Ní maith leí beacáin!

An maith leat beacáin?

Asail fliucha

Freagra

Búbú agus Seánaí

Inné an Luan. Lá fliuch a bhí ann.

Tháinig Búbú agus Seánaí suas go dtí an teach.

Sheas siad isteach sa phóirse. Ní maith leo an báisteach.

Bhí siad an chiúin.

Tar éis tamaill tháinig an ghrian amach. Bhí áthas ar Bhúbú agus Seánaí.

Shiúil siad ar ais go dtí an páirc.

Bhí ocras orthu. Thosaigh siad ag ithe.

An cat agus an luch

Freagra

Cé leis an cos bán sin?

Is le cat é. Sin Cleo , mo chat.

D’oscail mé an doras ar maidin.

Chonaic mé Cleo ag súgradh le luch.

Bhí eagla ar an luch. Thosaigh sé ag caoineadh.

Phioc mé Cleo suas. Chuir mé isteach sa gharáiste í.

Ansin, rith an luch abhaile.

( Bhí fearg ar Chleo!)

Úlla deasa dearga

Freagra

Mí Meán Fómhair atá ann.

Tá sé in am úlla a ithe!

Féach ar na húlla ar an gcrann. Cén dath atá orthu?

Tá na húlla seo beag agus milis.

An maith leat úlla?

Older Entries Newer Entries